Miotais agus Finscéalta na hÉireann

Decorative element - illustration of a warrior goddess, with long flowing hair and combative stance

Sna scéalta seo a leanas, agus sna híomhánna a ghabhann leo, insítear scéalta na chéad daoine a bhí in Éirinn, scéalta na ndéithe a chuir fúthu ansin tráth agus an méid a thit amach ina dtaobh. Is suimiúil machnamh a dhéanamh ar na bealaí a bhfuil siad go fóill inár measc sa lá atá inniu ann agus slite nua-aimseartha maireachtála againn in Éirinn.

Tá an béaloideas ina dhlúthchuid d’oidhreacht agus de chultúr na hÉireann le fada an lá. Tá traidisiúin Cheilteacha na Págántachta agus na miotaseolaíochta fite fuaite san oidhreacht le himeacht na mblianta agus i ndiaidh tionchar a imirt ar an cheol agus ar an litríocht, ar an fhilíocht, ar na hamhráin agus ar an teanga.

Tá Gael Linn, An tUltach agus Liverpool Irish Festival i ndiaidh teacht i gcomhar a chéile le coimisiún ealaíontóra a chruthú mar chuidiú dúinn cuid de scéalta na hÉireann a fhiosrú.

Is í Nuala Monaghan (nualamon.com) buaiteoir an choimisiúin. Ealaíontóir agus maisitheoir atá inti, agus tá sí ina treoraí turais in Eamhain Mhacha (Ard Mhacha, Tuaisceart Éireann). Rinne sí iarratas le ‘Saol Ceiltigh san Iarannaois’ a chur i gcomhthéacs agus le ‘beocht a chur sna déithe agus sna bandéithe’ agus roghnaíodh an saothar seo aici.

An méid a fheicfidh tú sa bhróisiúr seo agus sa taispeántas thart ar Chlocha Calder, saothar Nuala ar fad atá ann, ina ndéanann sí na mórscéalta béaloidis seo de chuid na hÉireann a insint arís dúinn.

Treoir do na Scéalta

  • Ceasair
  • Tuatha Dé Danann – Déithe a bhíodh ag fánaíocht sa tír seo
  • Gaiscígh agus Anamacha
  • Clann Mhíle
  • Tuatha Dé Danann – Síoga anois iad.

Decorative element: ilustration of warrior goddess CesairCeasair: an chéad duine in Éirinn

Bíonn aislingí againn ar fad faoi thír na n-iontas, ach ní raibh léamh ná scríobh ná insint béil ar an tír a ndearna na déithe cur síos uirthi i gcogar in intinn Ceasair, is cuma faoin oiread aislingeachta is féidir le duine daonna a dhéanamh. Cé nach raibh sí ábalta an tír a shamhlú ina hiomláine, chuir sí a muinín sna déithe gan cheist, go huile agus go hiomlán, idir aigne, chorp agus anam.

Tháinig athair Ceasair, Bith, le hí a fheiceáil, é ar lorg tearmainn. D’inis sé di go raibh aislingí ag athair mór Ceasair, Naoi, inar nochtadh an plean a bhí ag an dia seo aige. D’admhaigh Naoi gur chreid sé in aon dia amháin, mar a chuirtear in iúl sa tSean-Tiomna. Dia cumhachtach a bhí ann agus, mar chuid dá phlean, bhí sé le tuile chomh mór sin a chur go bhfágfaí na tailte go léir faoi uisce agus go mbáfaí na daoine ar fad a bhí ina gcónaí iontu. An chúis a bheadh leis an tuile ná an t-olc a ruaigeadh as an tsaol. Dúirt déithe Ceasair léi nár leag duine daonna cos riamh ar Inis Fáil, an tír sin faoinar inis siad di i gcogar, agus nach raibh olc ar bith ansin dá bharr. Ar an ábhar sin, bheadh an áit slán ó thuile dhia Naoi.

Bhí Bith, mar aon lena mhac Ladra agus a chara Fionntán Mac Bóchra, ag iarraidh imeacht le Naoi ar a aistear san áirc a bhí á tógáil aige. Ní raibh Naoi geanúil ar a mhac agus mar sin dhiúltaigh sé dóibh teacht isteach chun na háirce.

Nuair a chuaigh siad a fhad le Ceasair leis an chruachás a phlé, d’inis sí dóibh faoi Inis Fáil a raibh sé i gceist aici aistear mara a dhéanamh chuici, Tír úd na Cinniúna nár leagadh cos uirthi riamh. Bheadh sí sásta iad a thabhairt léi ar choinníoll go nglacadh siad mionn dílseachta di. Rinne sí 150 bean a earcú, an t-eolas agus na scileanna ag gach duine acu a bheadh de dhíth don eachtra seo. Thug sí ordú go dtógfaí trí bhád agus ghlac sí léi méid áirithe caorach lena chois.

I ndiaidh na mblianta den taisteal, de thíortha eile a fheiceáil agus den fhoghlaim faoi chultúir eile ar an aistear, níor tháinig ach aon bhád amháin slán as an turas iomlán chun na hÉireann.

Bhí leathchéad bean agus triúr fear ar bord. Bhí Ceasair ar an chéad duine a thuirling den bhád, as siocair gurbh ise an ceannaire acu. Ise, mar sin, an chéad duine ón tsaol seo agus ón tsaol eile le cos a leagan in Éirinn.

Bhí Fionntán mar leannán ag Ceasair faoin tráth seo. Bhí seisean ar an dara duine a thuirling den bhád agus, dá bharr, ba eisean an chéad fhear ann.

Go gairid ina dhiaidh sin, tháinig na daoine eile anuas den bhád chun talún. Rinne siad trí ghrúpa díobh féin agus cuireadh fear i ngach grúpa le daonra a sholáthar don ghrúpa sin. Bhí seacht mbean déag an duine ag Fionntán agus ag Ladra agus sé bhean déag ag Bith, óir bhí seisean ag dul anonn in aois.

Mhair siad go sona sásta ar feadh tamaill, ach roimh i bhfad ní raibh Bith ag an obair chrua sin. Theip ar a chroí agus bhí sé ar an chéad fhear a fuair bás in Éirinn. Ghlac Ladra sciar Bhith den obair, ach bhí seisean i ndiaidh éirí lag de dheasca cneá a bhain dó nuair a tháinig sé chun an oileáin i dtús báire. D’éirigh an obair róchrua dósan agus fuair sé féin bás fosta.

Ní mó ná sásta a bhí Ceasair go mbeadh uirthise agus an oiread sin ban a grá geal Fionntán a roinnt eatarthu go léir.

Bhí sí croíbhriste go buan nuair a chinn Fionntán éalú agus é féin a aistriú ina bhradán le dul i bhfolach ón tslua. Fuair sí bás de dheasca nach raibh sí ábalta maireachtáil faoin bhuairt sin.

I ndiaidh do phobal Ceasair dul tríd an oiread sin de chora crua an tsaoil, anuas ar an aistear iontach a bhí acu agus Inis Fáil a aimsiú sa deireadh, fágadh iad gan an ceannaire ba thábhachtaí a bhí acu.

Fuair an pobal bás duine i ndiaidh duine agus, sa deireadh, ní raibh fágtha ann ach Banba, an gaiscíoch agus bandia na hÉireann. Tháinig Fionntán ar ais mar dhuine – ar feadh tamaill – agus chaith sé am léi. Deirtear gur shíolraigh na Fomhóraigh, treibh a tháinig ina dhiaidh sin, ón lánúin sin.


Decorative element - illustration of ornate, magical Irish harpTuatha Dé Danann: Déithe a Bhíodh ag Fánaíocht sa Tír seo

Ba de shliocht treibhe a bhí in Éirinn i bhfad rompu iad Tuatha Dé Danann, ba iad sin Clann Neimhidh. D’éirigh leis na Fomhóraigh an ceann is fearr a fháil ar Chlann Neimhidh agus, dá bhrí sin, scaipeadh i ngach áit iad fadó.

Théadh siad ag taisteal ar fud an domhain, mar a raibh eolas air, iad ag bailiú eolais agus ag foghlaim scileanna a d’fhágfadh gur dream ar leith a bheadh iontu. Lean siad an Bandia Danu. “Tuath Dé” a tugadh orthu, go simplí, ar theacht go hÉirinn dóibh a chéaduair.

Agus iad ag taisteal, bhailigh siad ceithre sheoid draíochta a tháinig as ceithre chathair mhiotasacha sa Tuaisceart: Falias, Gorias, Finias agus Murias.

An chéad seoid a fuarthas ná Lia Fáil, Cloch na Cinniúna, atá ina luí go dtí an lá atá inniu ann ar mhullach na Teamhrach.

Deirtear faoin chloch go ligfear scread aisti nuair a shuífidh oidhre dlisteanach na corónach uirthi.

An dara seoid ná an Claíomh Solais, Claíomh na Cinniúna, nár chaill a thargaid riamh.

An tríú seoid ná Coire Ainsic an Daghdha, coire nár thráigh agus nár fhág duine ar bith gan sásamh riamh.

Sa deireadh ar fad ansin bhí Sleá Bua ann, sleá chumhachtach dhochloíte Lughaidh.

Bhí seoid iontach dá chuid féin ag an Daghdha, athair Thuatha Dé Danann. Cruit dhraíochtach a bhí ann nach raibh duine ar bith seachas é féin ábalta a sheinm agus lena raibh sé in inmhe éisteoir ar bith a chorraí de réir a thola.

Nuair a thiocfadh am an ghátair, d’fhéadfadh an Daghdha leas a bhaint as a chuid ceoil chun cuidiú lena mhuintir, leis an mhuinín a bheadh de dhíth orthu le dul i mbun catha a thabhairt dóibh, le codladh sámh a spreagadh i gcás gaiscígh traochta nó le faoiseamh a thabhairt dóibh siúd a bhí faoi bhrón. Thuas seal agus thíos seal, sin mar a bhí an saol ag a mhuintir le linn aimsir seo an chogaidh, agus thiocfadh leisean a gcuid deacrachtaí a cheansú.

Nuair a tháinig Tuatha Dé Danann go hÉirinn, bhí treibh ina cónaí ansin darbh ainm Fir Bolg. Bhíodh na Fomhóraigh ag teacht agus ag imeacht de réir mar ba thoil leo féin, de thairbhe gur chreachadóirí a bhí iontu, agus bhí daingean acu i dToraigh, amach ó chósta Thír Chonaill. Thionscain Tuatha Dé Danann ceo draíochtach a chlúdaigh chósta thiar Chonnacht agus, dá thoradh air sin, d’fhéadfadh siad teacht i dtír gan aon rud a bheith ag cur as dóibh.

Nuair a ghlan an ceo, chonaic Fir Bolg go rabhthas i ndiaidh campaí a thógáil agus go raibh treibh nua ina measc.

I dtús báire, níor bhagair grúpa amháin ar an ghrúpa eile. Dhéanadh siad gléasanna troda a mhalartú, bhíodh siad ag foghlaim óna chéile agus thugadh siad faoi deara na difríochtaí a bhí eatarthu ó thaobh ceirde agus scile de. I ndiaidh tréimhse, chinn Fir Bolg nár mhian leo an tír seo a roinnt le dream eile. Ina dhiaidh sin bhí Cath Maighe Tuireadh ann, an chéad cheann acu, agus bhí an bua ag Tuatha Dé Danann.

Nó ba é sin an chuma a bhí ar chúrsaí ag an am. Fágadh Rí Thuatha Dé Danann, Nuadha, ar leathláimh le linn na troda. De réir na ndlíthe a bhí acu, ní thiocfadh leisean leanúint ar aghaidh mar rí acu, ar an ábhar nach dtiocfadh le ‘duine easnamhach’ ceannasaíocht a thabhairt don arm.

Thogh siad Bres Breá le ceannasaíocht a thabhairt, ach ba léir dóibh gan mhoill nach raibh seisean fóirsteanach sa ról sin.

Ba leath-Fhomhórach é Bres féin, mar sin nuair a tháinig na ruathairí le cánacha a bhrú ar a mhuintir, níor bhac sé leo, agus san am chéanna bhí féin ag brú táillí arda orthu chomh maith.

Dia ildánach ba ea Lugh, agus ba leath-Fhomhórach é fosta. Rinne seisean an treibh a chruinniú le chéile, iad stiúgtha leis an ocras.

Bhí sé i gceannas orthu agus iad ag dul isteach chuig Cath Maighe Tuireadh a dó, in éadan Bres agus na cairde aintiarnúla a bhí aige. Aithnítear Lugh sa lá atá inniu ann mar dhia na Gréine agus mar dhia an Chogaidh. Tháinig an tuar faoin tairngreacht a bhí aige, inar tuaradh gurbh é a gharmhac féin – seachas duine ar bith eile – a mharódh Balór na Súile Nimhe.

Bhí an bua ag Tuatha Dé Danann arís eile agus rinneadh Nuadha a athghairm chun na corónach. Leis sin a dhéanamh, iarradh ar chneasaí na treibhe, Dian Cécht, lámh airgid a dhéanamh dó ionas go mbeadh sé slán ina iomláine arís agus fóirsteanach don ríogacht. Tharla go raibh Tuatha Dé Danann i réim gan stró in Éirinn ar feadh blianta fada ina dhiaidh sin.


Decorative element - illustration of a man holding another man's head aloftGaiscígh agus Anamacha

Ar feadh blianta fada i ndiaidh theacht Thuatha Dé Danann, bhí na déithe cumhachtacha seo mar eiseamláirí ag na gaiscígh. Cén cineál déithe a bhí iontu, mar sin?

Ní raibh arm iomlán oilte i gcúige ar bith eile seachas in Ulaidh. Ridirí na Craoibhe Rua a tugadh orthu.

Sa chúige sin, d’fhoghlaimíodh gach páiste an bealach le camán a úsáid. Bheadh orthu na matáin agus na gluaiseachtaí céanna a úsáid agus a bheadh de dhíth le claíomh a láimhsiú. Thugtaí le fios, mar sin, cérbh acu a raibh an bua agus an scil le bheith ina ngaiscíoch. D’fhéadfadh idir fhir agus mhná dul isteach ann. Ní fhóirfeadh sé don té a bhí lagchroíoch, áfach.

Ba mhinic comhrac duine le duine a bheith sna cathanna, agus d’ainmnítí gaiscígh le dul i mbun troda in éadan rogha laoich namhad. Níor ghnách le gaiscígh troid go héag ach amháin nuair ba ghá a leithéid.

Ní raibh eagla ar an Ghnáth-Cheilteach san Iarannaois (thart ar 1200 RCR) roimh an bhás. Bhí creideamh dosháraithe acu sa neamhbhásmhaireacht, an bheatha shíoraí. Chreid na Ceiltigh go rachadh an t-anam go dtí an saol eile i ndiaidh don duine bás a fháil agus, mar sin, go mbeadh seans ag an duine teacht ar ais agus maireachtáil ar an tsaol seo arís.

Ina theannta sin, chreid siad gur sa chloigeann a bhí an t-anam agus, dá réir sin, go mbeadh sé siosmaideach teacht chun an bhaile ón chath agus cloigne na naimhde a thabhairt leo, ar eagla go mbeadh siad siúd sa tóir ar dhíoltas sa chéad saol eile. Leagtaí cloigne gearrtha ar spící taobh amuigh de thithe cónaithe, in aice doirse agus chuirtí sa talamh iad thíos faoin bhealach isteach fosta. Ba é an toradh a bheadh air sin ná ainspridí a chur ó dhoras. Deirtí faoi na cloigne sin gur ghnách leo tairngreachtaí a dhéanamh i gcogar.

Cé go mbíonn amhras ar chuid daoine faoin traidisiún sin, tá sé le feiceáil go fóill sa traidisiún atá againn um Shamhain, is é sin aghaidheanna a shnoí i bpuimcíní agus iad a chur i bhfuinneoga agus doirse!

Níor ghnách le gaiscígh cathéide a bheith orthu. Go deimhin, ní bhíodh éide ar bith ar bith orthu agus iad ag dul i mbun troda! Bhí buntáiste ag baint leis sin ar dhá chúis: cé nach mbeadh an bás i ndán don té ar bhain gearradh dromchlach dó, d’fhéadfadh baictéir ar shnáithíní éide duine a mharú. Mar sin, thiocfadh leo an bhagairt ó ionfhabhtú a laghdú go mór.

Léirítí don chéile comhraic fosta nach raibh rud ar bith le ceilt ag an duine eile. Níorbh fhéidir gléasanna troda a cheilt agus léirítí mar sin gur throid chothrom a bheadh ann.

D’úsáidtí péint ghorm chogaidh ón ghlaisin le coirp a mhaisiú i nguairneáin. Ba mar sin a d’aithnítí an treibh arbh as don trodaí. Bhíodh sé furasta, mar sin, dóibh siúd a bhí ar an láthair chatha, idirdhealú a dhéanamh idir cara agus namhaid, agus bhítí in ann leanúint ar aghaidh leis an chath. Tá airíonna fuaraithe ag an ghlaisin chomh maith, arb as an teaghlach céanna é sin agus an cabáiste, a d’fhágadh go dtiocfadh leas a bhaint as an phéint chatha le créachtaí a leigheas fosta.

Idir tríocha agus ceathracha bliain an t-ionchas saoil ag an am, agus bhí sé coitianta go leor don duine éirí maol go nádúrtha. Bíodh sin mar atá, bhaineadh gaiscígh úsáid as taos speisialta ar an ghruaig, a d’fhágadh go mbíodh sí tuartha sobhriste. Mar sin de, léirítí meas ar dhuine maol, de bhrí go nglacfaí leis gur trodaí den scoth a bhí ann, duine a raibh na scórtha cath feicthe aige.

Ba as mún stálaithe agus aolchloch mheilte a dhéantaí an taos, agus théadh sé isteach san aer mar a bheadh splancacha tintrí ann. Comhartha ómóis a bhí ann do dhia na gréine agus an chogaidh, Lugh.


Decorative element - illustrated skull suspended within an ornate archwayClann Mhíle

Ar chósta thuaidh na Spáinne, bhí seanfhear saibhir darbh ainm Íth ag amharc amach an fhuinneog sa tuar ab airde a bhí aige. B’éigean dó amharc go han-ghéar ar fad, agus mheas sé go dtiocfadh leis tír* a fheiceáil. An méid a raibh seisean sa tóir air, ní raibh a chuid searbhóntaí ná a theaghlach ábalta é a fheiceáil, ach d’inis sé go paiteanta leo go raibh tír ann áit éigin ansin, clúdaithe ag coillte agus tírdhreacha galánta le feiceáil inti.

* Tá A Coruña ar chósta thuaidh na Spáinne suite 590 míle ó Chorcaigh, Éire.

Ní raibh a fhios ag Íth go raibh sé ag breathnú ar Éirinn. Go dtí sin, bhí Tuatha Dé Danann i ndiaidh a saol a chaitheamh agus a bheith i gceannas go síochánta ansin. B’in mar a bhí cúrsaí go dtí go bhfuair an tArdrí bás ar Theamhair. Ní raibh a thriúr mac, Mac Cuill, Mac Cecht agus Mac Gréine, in ann teacht ar chomhréiteach faoin dóigh an talamh a roinnt eatarthu. Bhí Tuatha Dé Danann ar tí dul i mbun cogaidh.

Níorbh fhada go raibh cinneadh glactha ag Íth fir a chruinniú le chéile chun imeacht ar aistear mara chun na tíre seo. Ar theacht chun na tíre dóibh, bhí gach rud mar a chonaic Íth é agus é ag brionglóideach agus a níos mó fós.

Bhí sé faoi gheasa ag an tír agus nuair a tháinig sé chun na Teamhrach sa deireadh, cuireadh fearadh na fáilte roimhe mar chuairteoir.

Bhí sé os comhair na ndeartháireacha trodacha roimh i bhfad: Mac Cuill, Mac Cecht agus Mac Gréine. Nuair a casadh an seanfhear críonna saibhir seo orthu, fear a raibh i bhfad ní ba mhó taithí saoil aige ná a bhí acu, shocraigh siad go mbeadh sé ciallmhar comhairle a iarraidh air maidir leis na cúiseanna achrainn eatarthu.

Baineadh siar as, ach bhí sé sona a chuid smaointe ar an ábhar a chur in iúl dóibh. Nárbh fhearr cloí le dlíthe agus nósanna na tíre? An t-oileán seo a raibh rath agus bláth air le blianta fada faoi riail Thuatha Dé Danann? An raibh cúis ann nach dtiocfadh leis leanúint ar aghaidh ar an dóigh chéanna? Tír fhoirfe a bhí inti, a dúirt sé, nach raibh róthe ná rófhuar in am ar bith, ina raibh na hacmhainní ar fad a theastódh ó dhuine ar bith agus bhí sí ar an áit ba dheise dá bhfaca sé féin riamh.

Chuaigh na deartháireacha i gcomhairle a chéile. An méid a thuig siad ón chomhairle a chuir Íth orthu ná go raibh barraíocht grá aige don tír. Cad chuige a labhródh duine chomh hoscailte sin faoin ghrá a bhí aige ar rud éigin ach amháin dá mbeadh sé beartaithe aige an rud sin a ghlacadh chuige féin? Mar sin de, agus gan drogall ar bith orthu, mharaigh na deartháireacha an seanfhear. An méid sin déanta acu, ar ais chun a sáinne leo, iad ar tí dul chun cogaidh ach gan aon duine díobh sásta tús a chur leis.

D’fhill fir Íth chun na Spáinne agus thug siad scéala chinniúint Íth le fios dá gharmhac, Míle, a d’imigh glan ar mire faoi. Chruinnigh Míle a chuid fear le chéile agus ar shiúl leo láithreach le díoltas a bhaint amach. Fuair Míle féin bás le linn an aistir, ach bhí a mhic Amergin, Eremon agus Eber Donn ullmhaithe agus cóirithe i gceart agus iad réidh le dul i mbun troda ar son na cúise a bhí acu.

Chuaigh Clann Mhíle i dtreo na Teamhrach agus thug aghaidh ar na triúr deartháireacha ó Thuatha Dé Danann.

D’iarr na triúr rithe trí lá le déanamh réidh le dul i mbun catha. D’iarr siad go bhfillfeadh Clann Mhíle ar ais chuig na báid a bhí acu agus fanacht naoi dtonn ar shiúl ón chósta sa dóigh is nach mbeadh an lámh in uachtar ag ceachtar den dá dhream. Ba é Amergin ba chríonna astu, ghlac sé leis an choinníoll agus chúlaigh siad go toilteanach.

Ní raibh sé i gceist ag Tuatha Dé Danann a bheith ag caitheamh go cothrom ar chor ar bith, áfach. Scaoil siad a ndraoithe le stoirm a thosú chun na longa a scaipeadh sa dóigh is go gcailleadh siad a chéile is nach mbeadh siad ábalta teacht i dtír.

Chuir Amergin duine dá chuid fear amach le hamharc thar an cheo ar an chrannóg le fáil amach cárbh as a raibh an stoirm ag teacht.

Thit an fear, ámh, agus maraíodh é. Agus é ag titim, scairt sé i dtreo Amergin. “Stoirm ar bith. Gach rud suaimhneach,” a dúirt sé. Leis an mhéid sin, deimhníodh an imní a bhí ar Amergin nár cheo nádúrtha a bhí ann ach ceo draíochta, seolta chucu ag a gcéilí comhraic le hiad a shárú.

Fear cumhachtach a bhí in Amergin féin, áfach. Bhain sé feidhm as an draíocht a bhí ann féin leis na néalta a chiúnú agus leis na spéartha a ghlanadh. Bhí Clann Mhíle le báiní agus ní raibh siad sásta a thuilleadh cloí le rialacha Thuatha Dé Danann. Shocraigh siad iad féin le teacht i dtír.

Nuair a fuair siad amach go raibh Clann Mhíle le teacht go luath, chuir Tuatha Dé Danann stoirm eile chucu a d’fhág gurbh éigean do Chlann Mhíle taisteal thart ar Éirinn. Tháinig siad ag seoltóireacht aníos an Bhóinn sa deireadh. Agus iad gar do Mhachaire Thailte, áit a mbeadh an cath, chuaigh Clann Mhíle thar thriúr banríonacha ó Thuatha Dé Danann: Banba, Fódhla agus Ériu. Gheall siadsan go gcuideodh siad le Clann Mhíle, ar choinníoll go n-ainmneofaí an talamh astu. Bhí na trí ainm sin le fáil in Éirinn ar feadh i bhfad.

An drochiompar úd a léirigh Tuatha Dé Danann, spreag sé sin Clann Mhíle ar an láthair chatha, agus níor léirigh siad aon trócaire nuair a rinne siad sléacht ar na triúr deartháireacha. Bhí a fhios ag Tuatha Dé Danann go raibh siad ag teacht chun deiridh, agus chúlaigh siad. Deir cuid daoine gur chine uaibhreach a bhí i dTuatha Dé Danann agus gur éalaigh siad ó Chlann Mhíle mar nach raibh siad toilteanach maireachtáil faoi riail ó ghrúpa eile. Bhain siad leas as a gcumas draíochta le dul i bhfolach sna cnoic agus sna haibhneacha. Deir cuid eile go raibh a fhios ag Tuatha Dé Danann nach dtiocfadh leo an cath a bhaint, agus gur fhógair siad sos cogaidh. Mar chuid de sin, tháinig siad ar chomhréiteach le Clann Mhíle an talamh a roinnt eatarthu, go mbeadh an chuid uachtarach ag Clann Mhíle agus an chuid íochtarach ag Tuatha Dé Danann, na déithe a bhí i ndiaidh meas a chailliúint is nach n-aithneofaí as sin amach ach mar shíoga.

Tá seans ann, b’fhéidir, go raibh an bua ag Tuatha Dé Danann ina dhiaidh sin is uile. Cé go bhfuil siad thíos faoin talamh fós, tá siad linn go dtí an lá atá inniu ann, agus níl Clann Mhíle.


Decorative element - illustration of three fairy figureheads, before a Celtic swirl symbolTuatha Dé Danann: Síoga anois iad

Tá a fhios ag duine ar bith a bhfuil splanc chéille aige nó aici gur gá meas a bheith againn agus eagla a bheith orainn i leith an dúlra. Dá mhéad eolas nua-aimseartha a thagann muid air, ní thig creideamh inmheánach na ndaoine a chroitheadh. An t-eolas lom sin atá istigh ionainn agus nach féidir a mhíniú, is é sin go bhfuil na púcaí is marfaí amuigh ansin sna coillte, ar na sléibhte agus sna gleannta.

Duine ar bith a bhfuil sé de mhisneach aige nó aici cur isteach orthu, gheobhaidh an duine sin amach nach fiú é nó í a shábháil. Gheobhaidh na daoine sin amach nach bhfuil spraoi le baint as an tsaol feasta agus, ina áit sin, go mbeidh orthu an céasadh osnádúrtha agus spioradálta is cruálaí is féidir a shamhlú a chur díobh.

Bíonn na scórtha scéal go fóill á scaipeadh sa lá atá inniu ann faoi dhaoine ag dul ar iarraidh, daoine á slogadh ag na sléibhte agus daoine a bheith fuadaithe ag na síoga. Cluintear faoi pháistí a thógtar agus síofraí a fhágtar ina n-áit. Cluintear faoi scréach na mban sí nó iad ag fógairt cad é atá i ndán do chréatúr bocht eile de chuid na háite. Cluintear faoi amadáin, lámh á leagan acu ar chrann síog, agus ar theacht chun an bhaile dóibh iad ag fáil amach go bhfuiltear i ndiaidh iad a chaitheamh ar aghaidh céad bliain go dtí an t-am atá le teacht, a gcairde agus a muintir marbh le fada…

…agus na daoine atá níos amaidí fós, iadsan a bhfuil crainn na síog leagtha acu ar a dtalamh, agus a mbuaileann an mí-ádh is saoithiúla iad a bhrisfeadh croí duine: barra ag loiceadh, beostoc ag fáil bháis, airgead á ghoid agus na plánna is measa dá bhfuil ann ag cur as dá mbaill teaghlaigh.

Más rud é go gcreideann tú go bhfuair Clann Mhíle an bua ar na déithe féin sa chath fhiáin a bhí acu in éadan Thuatha Dé Danann agus gur bhrúigh siad faoin talamh iad, nó más rud é go creideann tú gur shocraigh Tuatha Dé Danann gurbh fhearr leo a saol a chaitheamh in áit eile, seachas i measc na bhfear truamhéalach sin, is léir ó na scéalta seo go bhfuil siad beo leo in Éirinn ár linne.

Tá siad ina gcónaí in Éirinn leis na mílte bliain, iad ina gcúis le hanord agus scrios nuair a chuireann fiú rud iontach beag isteach orthu. Creideann cuid Críostaithe gur aingil chaillte atá iontu nach fiú a shábháil agus nach fiú iad d’ifreann féin. Tá cuid daoine ann a chreideann go bhfuil na seandéithe seo i ndiaidh éirí níos lú, in éineacht leis an cháil a bhí orthu, agus gur caimiléirí beaga áiféiseacha atá iontu anois.

Cibé cén creideamh atá agat, léirigh meas ar na Síoga, go háirithe ag an am seo den bhliain. Cosain tú féin orthu, óir is leosan an talamh go fírinneach, agus is iadsan atá i bhfeighil uirthi.


Is í Nuala Monaghan a roghnaíodh mar ealaíontóir coimisiúnaithe don taispeántas seo, í roghnaithe ag Gael Linn, An tUltach agus Liverpool Irish Festival. Tá muid iontach buíoch ar fad de na comhpháirtithe sin as an tacaíocht atá tugtha acu, agus de The Reader as an taispeántas a chur i láthair. Tá muid thar a bheith bródúil as Nuala agus as an dúthracht, díograis agus cruthaitheacht atá léirithe aici i leith an choimisiúin.

Ó bhéal an scéalaí

Bhí mé i dtólamh faoi dhraíocht ag miotais agus finscéalta na hÉireann agus mé ag fás aníos. Nuair a chonaic mé go raibh deis ann iarratas a dhéanamh ar choimisiúin ó Liverpool Irish Festival, b’eol dom go mbeinn ag plé le draíocht na seanstaire mistiúla atá againn, cibé rud a bheadh faoi chaibidil agam sa tsaothar.

Ó tharla mé a bheith ag obair in Eamhain Mhacha in Ard Mhacha, tá eolas measartha agam ar an Rúraíocht, ar na miotais agus ar na finscéalta a bhaineann le Táin Bó Cúailnge agus Meadhbh, Banríon Chonnacht, ar Chonchobhar Mac Nessa an Rí, agus ar laoch Uladh, Cú Chulainn. Tá suim as cuimse agam sa tSraith Scéalta faoin Ionradh, faoi na chéad daoine a tháinig go hÉirinn agus faoi na seandéithe, Tuatha Dé Danann, Lucht an Bhandia Danu. Mheas mé go luífeadh sé le réasún foghlaim faoi na déithe a bhí ann fadó leis an mhodh maireachtála a bhí ag an phobal ársa anseo a thuiscint.

Dála na dtionscadal ar fad atá agam, chuaigh mé i mbun mo chuid smaointe a chur i gceann a chéile sa chéad dul síos. Níorbh fhada go raibh mé imithe in abar ag smaoineamh faoin bhealach a bhfuil Tuatha Dé Danann linn go fóill ina síoga. Níor scaoil muid riamh leis na seandéithe seo againne agus níl a fhios ag an chuid is mó againn é sin ach oiread. Is léir an méid sin sna piseoga atá againn. Cé gur tháinig an Chríostaíocht isteach in áit na Págántachta, chloígh muid le traidisiún Págánach dar gcuid, Oíche Shamhna.

Bhí mé ag iarraidh aird a dhíriú ar bhunús Oíche Shamhna, le coincheap Oíche Shamhna a fhiosrú a thuilleadh. Mar sin, roghnaigh mé scéalta a bhaineann leis na chéad daoine a bhí in Éirinn, scéalta ina gcuirtear na déithe i láthair agus scéalta ina dtugtar cuntas ar a n-aimhleas.

Rinne mé iarracht plandaí dúchasacha a úsáid le dúch a dhéanamh dom féin, agus d’imigh mé a bhaint triail as sméara dubha, as saileach agus as glaisin. Ní raibh na torthaí thar mholadh beirte, ach bhí spraoi agam, duilleoga a thriomú agus a fhiuchadh agus caora a mheilt. Bhí suim faoi leith agam sa ghlaisin. Ba ghnách leis na Ceiltigh í sin a úsáid lena bpéint ghorm a dhéanamh don chogadh ach, arís, níor éirigh go rómhaith leis an iarracht sin. Tá sé dochreidte chomh cliste agus a bhí na daoine na mílte bliain ó shin, eolas nach mór againn a thuilleadh sa ré seo.

Samhlaigh an t-eolas ar fad a bheadh de dhíth ort a bheith i d’intinn, seachas ar fhón nó i leabhar. Samhlaigh an muintearas a bheadh ann idir daoine a fhoghlaimíonn ó ghlúin go glúin agus ó rudaí a dhéanamh.

I ndiaidh dom triail a bhaint as nithe éagsúla sa chur chuige seo, d’éirigh liom an meon aigne ceart a bhaint amach le tabhairt faoin tionscadal. Sa chéad dul síos, rinne mé sceitsí garbha de chúpla smaoineamh agus rinne mé mo mhachnamh ar an tsiombalachas a d’úsáidfinn. Ansin, ghlac mé grianghraif le mo chuid oibre a bhunú orthu chomh maith le tuilleadh taighde a dhéanamh. Tharraing mé an bhlaosc ó ghrianghraf de bhlaosc eile ar thángthas uirthi i linn dheasghnách gar do Stáblaí an Rí (Ard Mhacha). Grianghraif a ghlac mé de phíosaí dealbhóireachta, nó earraí a bhí feicthe agam i músaeim, a spreag cuid de na haghaidheanna. Cuireann sé mé ag smaoineamh ar na cultúir ar fad a tháinig chun na hÉireann le himeacht na mílte bliain agus ar an chultúr féin a tháinig as sin. Rinne mé cuid mhór marcálacha agus uigeachtaí a d’fhéadfainn a mheascadh le chéile, go digiteach, agus chloígh mé le pailéad dathanna corcra agus gorm. Tír rithe agus banríonacha atá anseo sa deireadh thiar thall; corcra don ríogacht (chomh maith leis an bhás) agus gorm, dath an chogaidh.

Tá mé thar a bheith buíoch as an deis a fháil aird a dhíriú ar na gnéithe seo den oidhreacht ársa atá againn. Bíonn muid ag foghlaim ó scéalta agus cuireann muid lenár saol tríd an ealaín. Tá mé i ndiaidh sult a bhaint as an tionscadal seo ó thús deireadh agus cuid mhór a fhoghlaim mar chuid de. Tá súil agam go lasfar bladhaire sna daoine a fheicfidh é fosta.

Clocha Calder

Is éard atá i gceist le Clocha Calder ná foireann cloch, sé cinn acu. Táthar ar an eolas fúthu anois go raibh siad mar chuid de thuama meigiliteach – tuama mór réamhstairiúil – 4,800 bliain ó shin.

Cuireadh isteach ar an tuama den chéad uair thart ar an bhliain 1550 agus, ó shin i leith, tá na clocha i ndiaidh teacht slán as cé gur bogadh iad cúpla iarraidh agus gur cuireadh cóireáil orthu cúpla uair fosta. Mar gheall air sin, tá siad suite anois i dtailte an Mhaintí (tailte an Teach Mhóir), atá liostaithe ar Ghrád II, áit a dtig leat iad a fheiceáil i láthair na huaire.

Tógadh Clocha Calder le linn na Nua-Chlochaoise, nó san Aois Neoiliteach, a bhí ann suas go dtí thart ar 2000 RCR. Tá a lán marcálacha ar na clocha, bíseanna, cruthanna cos agus miodóga san áireamh, lena ndéantar ceangal idir iad agus suíomhanna eile ar an dá thaobh de Mhuir Éireann atá ar comhaois. Cuireann an méid sin in iúl go raibh naisc ag muintir Merseyside ag an am sin le hoileán na hÉireann: naisc chultúir, naisc thrádála agus, b’fhéidir, naisc imirceacha. Ionad foirfe atá san áit seo leis an taispeántas a chur i láthair, as siocair go bhfuil nasc ann idir Clocha Calder agus béaloideas na hÉireann. Tá The Reader mar chaomhnóir oifigiúil ag na clocha.

The Reader

Carthanas náisiúnta atá in The Reader arb é is cuspóir dó Réabhlóid Léitheoireachta a spreagadh, sa dóigh is go mbeidh gach duine in ann idir shult agus tairbhe a bhaint as an litríocht is fearr. Creideann muintir an carthanais gur uirlis atá sa léitheoireacht a chuireann ar a gcumas do dhaoine maireachtáil agus a saol a chaitheamh go folláin. Tá fás ag teacht ar an ghluaiseacht i rith an ama – tá 1,000 oibrí deonach agus comhpháirtithe ann faoi láthair agus, dá réir sin, déanann The Reader na mílte duine a thabhairt le chéile gach seachtain le plé agus caibidil a dhéanamh ar úrscéalta, ar ghearrscéalta agus ar dhánta den scoth. ‘Léitheoireacht i gComhpháirt’ a thugtar air sin. Tá an Léitheoireacht i gComhpháirt á reáchtáil ag The Reader i dteannta le scoileanna, teaghlaigh agus páistí atá faoi chúram, le daoine fásta i spásanna pobail, le daoine i dtithe cúraim, le daoine a bhfuil riochtaí sláinte coirp agus meabhairshláinte orthu, le daoine atá ag plé leis an andúil nó atá ag téarnamh ón andúil agus le daoine atá sa chóras dlí choiriúil.

Liverpool Irish Festival

Déanann bord oibrithe deonacha Liverpool Irish Festival a rialú (carthanas cláraithe, Uimhir 1100126, agus cuideachta, Uimhir 4800736). Is é John Chandler, duine de bhunaitheoirí na féile, atá mar chathaoirleach ar an bhord.

Faigheann muid maoiniú rialta ó Culture Arts Investment Programme (Clár Infheistíochta an Chultúir agus na nEalaíon) Chomhairle Cathrach Learphoill agus Clár Tacaíochta Eisimirceach Roinn Gnóthaí Eachtracha na hÉireann. In 2020, fuair muid Maoiniú don Téarnamh Chultúrtha ó Rialtas na Banríona: HereForCulture.

Bhí an t-ádh orainn gur bronnadh National Lottery Heritage Funding orainn as an obair a rinne muid ar Liverpool Irish Famine Trail, maoiniú ó Arts Council England (le hábhar ealaíne a chur i láthair i mí Dheireadh Fómhair 2021) agus urraíocht ó Thurasóireacht Éireann Teoranta.

Gael Linn agus An tUltach

Is eagraíocht neamhbhrabúis agus neamhrialtasach í Gael Linn atá dírithe ar an Ghaeilge agus na healaíona a chur chun cinn. Tá An tUltach, a bunaíodh sa bhliain 1924, ar an irisleabhar liteartha Gaeilge is sine in Éirinn.

Gabhann muid ár mbuíochas libh uile go léir: go raibh maith agaibh.